Cás-staidéar: Imirce sa Mheánmhuir

Ceann de na scéalta nuachta is mó i mbliana ná imirce agus na mílte duine báite sa Mheánmhuir agus iad ag éalú ó choimhlint agus bochtanas san Afraic agus sa Mheán Oirthear.

Is saincheist a bhaineann le polaitíocht, polasaithe, forbairt, cearta daonna, agus dár ndóigh is saincheist tíreolaíochta í freisin.

Is ann don imirce chun na hEorpa, ar dhóigh nó ar dhóigh eile, agus beidh sin amhlaidh go ceann i bhfad. Tagann daoine chuig AE ar chúiseanna éagsúla. Roinnt daoine, tagann siad chun staidéar nó taighde a dhéanamh, daoine eile tagann siad le bheith in éindí lena muintir atá ag cur fúthu ann cheana. Ina theannta sin, tá daoine eile ann a fhágann a dtír dhúchais i ngeall ar ghéarchéimeanna domhanda, idir ghéarchéimeanna nádúrtha agus ghéarchéimeanna de dhéantús an duine, agus tá ag méadú ar na géarchéimeanna sin i rith an ama. Den 507 milliún éigin duine atá in AE, is saoránaigh de thíortha nach bhfuil in AE iad tuairim is 20 milliún duine.

Ní hamháin go dtéann an inimirce chun tairbhe dóibh siúd a bhogann isteach in AE, tairbhíonn sí freisin an tsochaí ina gcuireann na daoine sin fúthu. Tá inimircigh in ann bearnaí sa lucht saothair a líonadh agus an iliomad cineál poist a dhéanamh, amhail obair speisialtóirí ardcháiltithe (cineál oibrí atá gann in AE faoi láthair) agus obair nach mian le roinnt saoránaigh AE a dhéanamh. Tá ag méadú ar an tábhacht a bhaineann le lucht saothair AE a neartú i ngeall ar na dúshláin dhéimeagrafacha a bhfuil an Eoraip i ngreim leo faoi láthair agus atá i ndán di amach anseo. Lena chois sin, tugann inimircigh leo smaointe agus modhanna oibre nua a chuireann leis an gcruthaitheacht agus an nuálaíocht.

Imircí ag taisteal ar bhád sa Mheánmhuir

Ach, le déanaí is iad daoine atá ag tabhairt ar thuras dainséarach thar an Mheánmhuir agus tabhairt aghaidh ar chósta an AE atá i mbéal an phobail. Tá an chuid is mó de na himircí seo ag teacht ón Siria agus ón an Eiritré de bharr coimhlint, bochtanas agus ocras sna tíortha sin. Is dídeanaithe iad an chuid is mó de na himircí seo.

Níl fhios ag ceannairí an AE conas dul i ngleic le saincheist an imirce san Eoraip. Tá brú ollmhór ar tíortha AE atá ar chósta na Meánmhara mar an Iodáil agus an Ghréig. Tá an chuid chuid is mó den na himircigh ag teacht chuig na tíortha seo ar dtús agus níl na acmhainní acu chun dul i ngleic leis. Tá imircí ag baint úsáid as báid atá ag titim as a chéile agus tá ná mílte acu báite sa Mheánmhuir. Tá ardmholadh tuillte ag criúanna an L.É. Eithne, an LÉ Niamh agus na longa eile atá i mbun tarrthála sa Mheánmhuir.

Advertisements

Fág teachtaireacht

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s