Turas go dtí an Iodáil 2014

IMG_0082I rith laethanta saoire na Cásca chuaigh 27 dalta agus triúr múinteoir (Oidí Aaron, Eibhlín agus Eimear) chuig na hIodáile ar turas scoile. Is eispéireas faoi leith a bhí nach mbeidh dearmad déanta ag na daltaí air go deo

Dé Sathairn 12ú Aibreán 2014

D’fhágamar an tInbhear Mór ag leath uair tar éis a dó ar maidin agus fuaireamar eitilt chuig na Róimhe. Bhuaileamar lenár tiománaí bus, Giovanni, ag an aerfort sa Róimh agus thiománamar go dtí lár na Róimhe. Agus muid an-tuirseach ar fad, gan mórán codladh a fáil an oíche roimhe, fuaireamar lón i lár na Róimhe agus thugamar cuairt ar an sean-Róimh, an Colasaem go háirithe.

I ndiaidh an Colaseam bhuailemar arís leis an tománaí bus chun tús a chuir leis an turas fada trí uair a chloig go Napoli, áit a raibh ár n-óstán don oíche agus ár ndinnéar ag fanacht orainn. Sean óstán i lár na cathrach Napoli a bhí ann, a bhí suite ar an Piazza Garibaldi. Bhí an bia a bhí curtha ar fáil dúinn san óstán suimiúil agus bhí an t-áth orainn go léir go raibh McDonald’s béal dorais.

Dé Domhniagh 13ú Aibreán 2014

Le lá gnóthach romhainn d’fhágamar an t-óstán ag a naoi ar maidin le haghaidh lár na cathrach. Chaitheamar uair a chloig ar Via Toledo ag féachtaint ar na siopaí (dúnta, den chuid is mó) roimh imeacht go dtí Muséam Náisiúnta Seandálaíochta Napoli. Sa mhusaém chonaiceamar freascónna agus mósáic ó na seantithe timpeall ar Napoli agus déantáin ó Pompei. Chruthaítear an Muséaim seo tar éis teacht ar iarsmaí Pompei agus is é an chéad Muséam seandálaíochta ar domhan é.

Tar éis lóin tapa thugamar aghaidh ar Shliabh Veasúiv. Thiomán an bus suas bóthar caol casta go dtí gur shroicheamar 1000m os cionn léibheál na farraige. Ón áit sin shiúlamar 25 nóiméad suas go dtí an cráitéar. Bhí sé scamallach an lá sin agus ní bhfuaireamar deis an radharc álainn de Bhá Napoli a fheiceáil ach bhí radharc iontach againn den cráitéar é féin.

I ndiaidh an Veasúiv thugamar aghaidh ar Pompei, cathair ársa a bhí scriosta ag pleascadh an Veasúiv sa bhliain 79AD. Bhí turas treoraithe againn tríd an chathair ollmhór seo. Chonaiceamar go leor sean foirgnimh Rómhánacha, ina measc bhí tithe, siopaí agus Aimfitéatar ollmhór.

An oíche sin bhí dinnéar suimúil eile againn san óstán agus bhí deis gearr againn dul ag babhláil.

Dé Luain 14ú Aibréan 2014

Bhí an aimsir go hálainn ar an Luan le spéir gorm ar feadh an lae. Thugamar cuairt ar na Campi Flegrei, ceantar ó thuaidh de Napoli, áit a bhfuil thuairim is 40 sean-bholcán. Shiúileamar timpeall ar ceann amháin de na bolcáin sin ar a thugtar Solfatera. Bhí boladh uafásach de sulfar ann agus bhí gal agus gás ag teacht amach as poll sa talamh faoi bhrú agus teocht ard. D’úsáid muintir na háite an áit seo mar spá san am atá caite. Bhí picnic againn i Solfatera agus bhí deis siopadóireachta againn ina dhiadh.

Bhí turas treoirithe timpeall Napoli ar bhus agus ar chos sa trathnóna. Chonaiceamar sean-fhoirgnimh stairiúla Napoli agus radharcanna iontacha do Bhá Napoli ar an turas sin.

Ag deireadh an lae shiúileamar go dtí Ristorante Mattozzi áit a bhí orainn ár bpíotsa féin a dhéanamh don dinnéar. Bhaineamar an-taitneamh as an deis chun ár bpíosta féin a dhearadh agus chuamar ar ais go dtí an óstán le bhoilg lán.

Dé Máirt 15ú Aibréan 2014

D’fhágamar slán le Napoli maidin Dé Máirt agus tar éis lá fada eile ag taisteal bhíomar ar ais san Inbhear Mór an tráthnóna sin. Go raibh míle maith do gach duine a ghlac páirt sa turas.

 

Advertisements

Fág teachtaireacht

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s